1 Na dhíaigh so do bhí lá féusda na Níuduígheadh; agus do chúaidh Iósa súas go Híarusalém.
2 Agus atá a Níarusalém láimh ré margadh na ccáorách loch, dá ngoirthear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúig calaidh.
3 Do bhádar mórán do dháoinibh eugcrúaidhe na luighe ionnta so, do dhalluibh, do bhacachuibh, agus do luch seirglidhe, do bhí ag fuireach re corrughadh an uísge.
4 Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, agus do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar a nadhbharsin gidh bé cédneach do théigheadh síos ann tar eis bhuáidheartha an uisge do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air.