12 Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar dhé, Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?
13 Achd ní raibh a fhios ag an té do shlánughadh cía hé: óir do chuáidh Iósa a leathtáoibh, air mbeith do mhórán ann sa náitsin.
14 Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit.
15 Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é.
16 Agus ar a shon so do ghérleanadar na Iúdaidhe Iósa, agus do smúaineadar a mharbhadh, tré go ndearna sé na neithese sa tsábboíd.
17 Agus do fhreagair Iósa dhóibh, Oibrighidh Mathairsi gus anois, agus oibrighimsi.
18 Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día.