14 Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit.
15 Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é.
16 Agus ar a shon so do ghérleanadar na Iúdaidhe Iósa, agus do smúaineadar a mharbhadh, tré go ndearna sé na neithese sa tsábboíd.
17 Agus do fhreagair Iósa dhóibh, Oibrighidh Mathairsi gus anois, agus oibrighimsi.
18 Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día.
19 Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Nach éidir leis an Mac éinní a dhéunamh uádh féin, achd an ní chí sé ag a Nathair dá dhéunamh: oír gidh bé neithe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna.
20 Oír grádhuighidh an Tathair an Mac, agus foillsighidh sé na huile neithe do ní sé féin dó: agus taisbeúnfuidh sé oibreacha mó ná iád so dhó, do chum go mbeith iongantus oruibhsi.