4 Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, agus do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar a nadhbharsin gidh bé cédneach do théigheadh síos ann tar eis bhuáidheartha an uisge do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air.
5 Agus do bhí duine áirighe ann sin, do bhí ochd mbládhna déug air fhichid a neasláinte.
6 An tan do chunnairc Iósa é so na luighe, agus do aithin sé go raibh sé tinn ré haimsir fháda, a dubhairt sé ris, An mían leachd do dhéunamh slán?
7 Do fhreagair on teaslán é, A Thighearna, ní bhfuil éinneach agam, do chuirfeadh ann sa loch mé, an tan bhíos an tuisge ar na bhuáidhreadh: achd an gcéin bhimsi ag teachd, téid neach eile síos romham.
8 A dubhairt Iósa ris, Eirigh, tóg do leabuidh, agus siobhail.
9 Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin.
10 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar.