1 Agus dimthigh Iósa chum shléibh na Noluidheadh.
2 Agus táinig sé go moch ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile chuige; agus ar suidhe dhó, do theagaisg sé íad.
3 Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige; agus ar na cur a lár,
4 A dubhradar rís, A Mhaighisdir, rugadh ar an mnáoisi sa ngníomh féin, ag déanamh adhaltrannais.
5 Agus do aithin Máoisi dhínn sa dligheadh, a leitheidso do bhásughadh lé clóchaibh: ar a nadhbharsin créd a deir tusa?
6 Agus a dubhradar sin dá theasdughadhsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Achd ar gcromadh síos Díosa, do sgríobh sé lé na mhéur ar a talamh.
7 Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déírigh sé suás, agus a dubhairt sé riú, Gidh bé aguibhsi atá gab pheacadh, caitheadh sé an chéadchloch ría.