10 Agus ar néirghe suás Diósa, an tan nach bhfacuidh sé áonduine achd an bhean, a dubhairt sé ría, A bhean, caír a bhfuilid an mhuinntir úd do chuir cúis ort? nar dhamnuighe éanduine thú?
11 A dubhairt sisim A Thighearna, níor dhamnuighe áonduine. Agus a dubhairt Iósa riá, Ní mó dhamhnuighimsi thú: imthidh romhad, agus na peacuidh feasda.
12 Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
13 Uime sin a dubhradar na Phairisinigh ris, Atá tú ag deunamh fiadhnuisi dhuit féin; ni bhfuil thfíadhnuisi firinneach.
14 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Gé nimsi finné dhamh féin, atá mfinné fírinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteighim; achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéighim.
15 Do réir na féola bheirtísi breath, ní bheirimsi breath ar áonduine.
16 Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé.