14 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Gé nimsi finné dhamh féin, atá mfinné fírinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteighim; achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéighim.
15 Do réir na féola bheirtísi breath, ní bheirimsi breath ar áonduine.
16 Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé.
17 Agus atá sgríobhtha an bhur ndlidheadhsa, gur fíor finné deisi.
18 Atáimse ag déanamh finné dom tháobh féin, agus an Tathair do chuír úadh mé do ní sé fíadhnuisi leam.
19 Uime sin a dubhradarsan ris, Gá háit a bhfuil Hathair? Do fhreagair Iósa íad, Ní haithne dháoibhse ceachdar aguinn, misi ná Mathair: dá mbeith éolus aguibh oramsa, do bheith éolus aguibh ar Mathuir mar an gcéadna.
20 Do labhaír Iósa ná bríathrasa a náit choimhéada an chisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor chuir áonduine lámh ann; óir ní thaínig a uáir fós.