20 Do labhaír Iósa ná bríathrasa a náit choimhéada an chisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor chuir áonduine lámh ann; óir ní thaínig a uáir fós.
21 Na dhiáigh sin do labhuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imtheáchd, agus íarrfuidhesi mé, agus do ghéubhthaói bás an bhur bpeacadh: mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd.
22 Uime sin dubhradar na Iúdaighe, An muirbhfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd.
23 Agus a dubhairt sé riu, Is a nsíos dáoibhsi; agus as nsúas damhsa: don tsáoghalsa sibhsi, ní don tsaoghalsa mísi.
24 Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhíbh.
25 Uime sin a dubhradar ris, Cía thú féin? agus a dubhairt Iósa ríu, An ní a deirim ribh ó thus.
26 Atá mórán agam ré labhairt agus ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé; agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan