22 Uime sin dubhradar na Iúdaighe, An muirbhfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéighimsi, ní héidir libhsi teachd.
23 Agus a dubhairt sé riu, Is a nsíos dáoibhsi; agus as nsúas damhsa: don tsáoghalsa sibhsi, ní don tsaoghalsa mísi.
24 Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhíbh.
25 Uime sin a dubhradar ris, Cía thú féin? agus a dubhairt Iósa ríu, An ní a deirim ribh ó thus.
26 Atá mórán agam ré labhairt agus ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé; agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan
27 Achd níor thuigeadar gur a dtimcheall a Nathar do labhuir sé ríu.
28 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.