27 Achd níor thuigeadar gur a dtimcheall a Nathar do labhuir sé ríu.
28 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.
29 Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé; do bhrigh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision.
30 Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar mórán ann.
31 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
32 Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.
33 Do fhreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní dhearnamar seirbhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor?