29 Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé; do bhrigh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision.
30 Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar mórán ann.
31 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
32 Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.
33 Do fhreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní dhearnamar seirbhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor?
34 Do fhreaguir Iósa íad, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é.
35 Achd ni chomhnuigheann an seirbhíseach sa tigh go siorruidhe: fanuidh an Mac go síorruidhe.