42 A dubhairt Iósa ríu: Dá madh é Día bhur Nathairsi, gan chunntabhairt do ghráidheóchadh sibh misi: óir is ó Dhía do ghluáis mé agus tháinig mé; agus ní uáim fein tháinig mé, achd eisean do chuir úádh mé.
43 Créd fá nach dtuighthí mo chomhrádhsa? ar son nach bhféudtáoi mo bhríathar déisdeachd.
44 As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.
45 Achd do bhrígh go labhruimsi an fhírinne, ní chreidtí me.
46 Cíá dhibhsi chuireas peacadh am letih? Má a deirim a nfírinne, créd fá nach creidtí dhamh?
47 Gidh bé atá ó Dhía, éisdidh sé briathra Dé: is uime nach éisdtisi, ar son nach ó Dhía sibh.
48 Uime sin dó fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, An né nach maith a deirmíd gur Samaritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnad?