52 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris, Aithnimíd a nois go bhfuil an díabhal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáidhe bás; agus a deir tusa, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní bhlaisfe sé bás go síorruidhe.
53 An mó thusa ná ar nathair Abraham, noch fuáir bás? agus fuaradar na faidhe bás: créd an neach do ní tusa dhíot fein?
54 Do fhreagair Iósa, Má bheirimse glóir dhamh féin, ní bhfuil tádhbhachd an mo ghlóir: as é Mathair do bheir glóir dhamh, noch a deirthísi, gur ab é bhur Ndía féin é:
55 Agus ní bhfuil aithe aguibhsi air; gidheadh is aithne dhamhsa é: agus má a deirim, Nach aithne dhamh é, biáidh mé cosmhuil ribhsi bréagach: gidheadh as aithne dhamh é, agus coimhéuduim a bhriathar.
56 Do bhí gáirdeachus mór ar bhur nathairse Abraham fám lása dfaicsin: agus do chunnairc sé é, agus do bhí lúathgháir air.
57 Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris; Ní bhfuil deich mblíadhna agus dá fhichead dáois agad fós, agus an bhfacuidh tú Abraham?
58 A dubhairt Iósa ríu, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhuilimsi ann suil do bhi Abrahám.