55 Agus ní bhfuil aithe aguibhsi air; gidheadh is aithne dhamhsa é: agus má a deirim, Nach aithne dhamh é, biáidh mé cosmhuil ribhsi bréagach: gidheadh as aithne dhamh é, agus coimhéuduim a bhriathar.
56 Do bhí gáirdeachus mór ar bhur nathairse Abraham fám lása dfaicsin: agus do chunnairc sé é, agus do bhí lúathgháir air.
57 Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris; Ní bhfuil deich mblíadhna agus dá fhichead dáois agad fós, agus an bhfacuidh tú Abraham?
58 A dubhairt Iósa ríu, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhuilimsi ann suil do bhi Abrahám.
59 Uime sin do thógbhadar clocha do chum go gcaithfidis ris íad: achd do fholuigh Iósa é féin, agus do chuáidh sé amach as an teampall, ag dul tré na lár agus do chuáidh sé thárrsa mar sin.