1 Agus ag gabháil thairis, do chunnairc Iósa duine do bhí dall ó rughadh é.
2 Agus dfíafruigheadar a dhéisciobuil de, ag rádh, A Mhaighisdir, cía phacuidh, an fearso féin, nó a athair agus mhathair, fár rugadh dall é?
3 Do fhréaguir Iósa, Níor pheacuidh sé so, ná a athair agus a mhathair: achd do chum go bhfoillséochtháoioibreacha Dé ann.
4 Is éigean damhsa oibreacha an té ó dtáinig mé do dhéunamh, an feadh as lá é: atá a noidhche ag teachd, ann nach bhféadann áonduine obuir dhéunamh.
5 An feadh atáim ar an sáoghal, as mé solus an tsáoghail.
6 An tan a dubhairt sé so, do chuir sé seile air an dtalamh, agus do rinne sé láib don tseile, agus do chumail sé an láib do shúilibh an doill:
7 Agus a dubhairt sé ris, Imthigh, ionnail a loch Shíloam, noch mhínighthear, Ar na chur. Uime sin do imthigh sé, agus táinig a ris agus a radharc aige.