1 Pol, absdal, (ní ó dháoinibh, ná tré dhuine, achd tré Iósa Críosd, agus tré Dhía an Tathaír, noch do thóg súas é ó mharbhuibh;)
2 Agus na dearbhráithreacha uile atá maille riom, chum eagluiseadh na Galátia:
3 Grása maille ribh agus síothcháin ó Dhía Athar, agus ó ar Dtíghearna Iósa Chríosd,
4 Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar sáortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheághthoile Dé eádhon ar Nathaírne:
5 Agá bhfuil glóír go sáoghal na sáoghal Amén.
6 As iongnadh leam bheith ar niompógh dhibh comhlúath sin chum soisgéil eile ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd:
7 Ag nách soisgéul eile é; achd amháin go bhfuil dream áirighe dá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur neimbrígh.