11 Agus do bheirim a fhios dhíbh, a dhearbhráithre, an soisgéil do seanmóradh leamsa nách do réir dhuine atá sé.
12 Oír ní ó dhuine fúair mé é, ná do theaguisgeadh mé, achd tré thaisbéaunadh Iósa Críosd.
13 Oír sho chúalabhair mo choinbhearsáid a nallód a gcreideamh na Niúduigheadh, eadhon go raibh mé ag gérleanmhuin eagluisi Dé tar mhógh, agus dá sgrios.
14 Agus gur mó tháinic mé ar madhuigh a gcreideamh na Niuduigheadh ná morán dom mhaca samhla a measg mo chinidh, ar mbeith dhamh ní as dúthrachduighe ag leanmhuin luirg mo shinnsear.
15 Gidheadh an tan do thoguir Día, (noch do chuir air leith mé ó bhruinn mo mháthar, agus do ghoir mé tré na ghrás,)
16 A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, ionnus go mbéinn dá sheanmóir a measg na gcineadhach; air a nuáirsin ní deárna mé cómhairle ré fuil agus re féoil:
17 Agus níor fhill mé go Hiarusalem chum na druinge do bhí na napsdaluibh rómham; achd do imthigh mé go Harábia, agus tainic mé ar mais arís go Damascus.