14 Achd an tan do chonnairc misi nách í an tslighe dhíreach do shíubhladar chum fírinne an tsoisgéil, a dubhairt mé ré Peadar na bhfíadhnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduighe, ag caitheamh do bheatha réir na Gcineadhach, agus ní réir na Níuduigheadh, créd fá gcuireann tú dfíachuibh ar na Cineadhachuibh aithris do dhéunamh ar na Iúduighibh?
15 Inne atá ar Níuduighibh ó nadúir, agus ní ar bpeacthachuibh do na Cinéadhachuibh,
16 Ar mbeith fhios aguinn na sáorthar duine tré oibrighibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa Críosd, do chreideamairne a Níosa Críosd mar an chreidamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibrighibh an reachda.
17 Agus má, gheibhthear sinne ar bpeacthachuibh, agus sin nag íarruidh ar sáortha a Gcríosd, a né go bhfuil Críosd na mhinisdir ag an bpeacadh? nar léige Día sin.
18 Oír má thógbhuim súas a rís na neithe do leag mé síos do leag mé síos, do ním ciontach mé féin.
19 Oír atáimse trés an reachd marbh don reach, ionnus go mbéinn béo do Dhía.
20 Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.