5 Dá nach dtugamar urraim, ar feadh úaire amháin; ionnus go bhfanfadh fírinne an tsoisgéil aguibhse.
6 Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirdhearcuis do bheith, (gidh bé mar do bhádar róimhe so, ní bheanann sé dhamhsa: ní ar phearsainn dhuine bhíos mea sag Día: oír) an dream shaóiltear do bheith oirdheirc, níor chuireadarr bárr ar mo theagusgsa:
7 Achd go contrárdha dhó sin, ar bhfaicsin dóibh gur táobhadh soisgéul an nemthimchillghearrtha leamsa, mar do táobhadh soisgéul an timchiollghearrtha lé Peadar;
8 (Oír an té do oibrigh go heífeachtach) do Pheadar chum absdaltachda an timchillghearrtha, doibrigh sé dhamhsa mar an gcéudna do tháobh na Gcineadhach:
9 Agus na naithne do Shéumus, agus do Chéphas, agus Déoin, ar a bhfuil meas bheith na bposduighibh an grás do tugadh dhamh: tugadar a lámh dheas a ccrúth chumainn damhsa agus do Bharnaba; chum sinne dimtheachd chum na ccineadhach, agus íad féin chum an timchíllghearrtha.
10 Achd amháin go mbíádh cuímhne aguinn ar na bochduibh; an ní céudna agá raibh mé féin dúthrachdach chum a dhéunta.
11 Agus an tan tháinic Peadar go Hantíochia, do sheas mé an adhuigh a éuduin, óir do thuill sé a spreagadh.