5 Uime sin an tí do bheir an Sbiorad go fairsing dhaóibh, agus oibrigheas súbhailcighe míorbhuileacha ionnuibh, an tré oibrighthigh an reachda, nó tré éideachd a chreidimh do bheir sé íad?
6 Amhuil do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é mar fhiréantachd.
7 Uime sin is tuigthe dhaóbh an drung atá don chreideamh, gur ab íad sin clana Abraham.
8 Oír ar na fhaicsin roimhe don sgriobtúir, go sáorfadh Día na cineadhacha tré chreideamh, do shoisgéil sé roimhe láimh Dábraham, ag rádh, Biáidh na huile chineadhacha ar na mbeannughadh ionnadsa.
9 Uimé sin an dream áta don chreideamh atáid síad beannuighthe maille ré Hábraham deaghchreidmheach.
10 Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.
11 Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadnuisi De, óir, As tré chreideamh mhairfeas an firéun.