16 Ar a nadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh, fán bhfírinne dinnisin díbh?
17 Ní ré máith, atá teasghrádh acadhsan dáoibh, achd bá mían riu sinne do chur amach uáibhse; ionnus go mbíadh teasghrádh aguibhsi dhóibh féin.
18 Achd as maith an teasghrádh ré bheith go siorruidhe a ní mhaith, agus ní hé amháin an tan bhímse bhur lathair.
19 A chlann bheag, agá bhfuilim a rís ré niodhnuibh bhur dtimcheall nó go ndealbhthar Críosd ionnuibh,
20 Agus do bfearr leam go mbéinn bhur láthair a nois, chum mo ghótha dáthrughadh; óir atáim amharnsach orúibh.
21 Innisigh dhamh, a dhream lér mían bheith fáoi an reachd, an gcluin sibh an reachd?
22 Oír áta sgríobhtha, go rabhadar días mac ag Abraham, mac aca ré hinnilt, agus mac eile ré mnáoi sháoir.