2 Achd bí fáoi luchd a choimhéuda, agus fán luchd ar a mbí a chúram, go teachd na haimsire do órduigh an tathair.
3 As mar an gcéudna sinne, an tan do bhámar ar leanbuibh, do bhámar a ndáoirse fáoi cheadthosuighibh an tsáoghail:
4 Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd,
5 Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.
6 Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.
7 Uime sin ní searbhfoghantuidhe thú feasda, achd mac; agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.
8 Achd an tan sin ar mbeith dháoibh gan eólas Dé aguibh, do bhíodh sibh ag seirbhís do na déeibh, nach bhfuil na ndéeibh ó naduir.