9 Achd a nois, ó átá eólas Dé aguibh, nó fós eólas Dé oruibh, cionnas fhilleas sibh a rís ar na céudthosuíghibh eugcruáidhe uireasbhacha, dár mían rubh bheith a rís fá dháoirse?
10 Bí coimhéud aguibh ar laethibh, agus ar mhíosuibh, agus ar aimsearuibh, agus ar bhlíadhanuibh.
11 Atá eagle oram bhur dtimcheall, gur go diomháoin do thuirsigheas mé féin ribh.
12 Iarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bíghidh mar misi, do bhrígh go bhfuilimse mar sibhse: ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.
13 Agus atá a fhios aguibh gur tré éugcrúas na feóla do sheanmóir mé dháoibh an soisgéul ar tús.
14 Agus ní raibh tarcuisne ná grain aguibh air mo chathughadhsa um fheóil; achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.
15 Uime sin créd í an cháill shonuis do bhí oruibh? óir do ním dfíadhnuíse dháoibh, go mbeanfadh sibh da madh éidir é, bhur súile féin amach, re na dtabhairt damhsa.