1 Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
2 Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd.
3 Oír do ním dfíadhnuisi a rís do gach áon thimchillghearrthar, go bhfuíl dfíachuibh air an réachd uile do choímhlíonadh.
4 Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.
5 Oír atámuidne trés an Sbiorúid ó chreideamh ag fuireach ré dóthchas na fíreuntachda.
6 Oír a Niósa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh; achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.