21 Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
22 Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
23 Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
24 Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.
25 Más beó dhúinn sa Sbiorúid, siubhlam mar an gcéudna sa Sbiorúid.
26 Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.