8 Ní on tí ghoireas sibh tháinic an brosdughadh so.
9 Géuridhe beagán laibhín an táos uile.
10 Atá muinighin agumsa asuibh sa Dtighearna, nách bíadh sibh ar atharach inntinne: gidheadh an tí chuíreas buáidhreadh oruibh biáidh sé fá bhreith dhamanta, gidh bé ar bith é.
11 Agus a dhearbhráíthre, má nímse mar an gcéudna an timchillghearradh do sheanmóir, créud fá bhfuil gérleanmhuin fós dá dhéunamh oram? go deimhin atá sgannuil na croithe ar na cur ar gcúl.
12 Do bfearr leam fós an drung chuireas míoshúaimhneas oruibh ga mbeidís ar na ngearradh uáibh.
13 Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
14 Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.