Philémoin 1 BEDELL

Caibidil I

Impidhe ar Philemoin, maitheamhnas fhior-chriosduighe thabhair dá óglach annsa dioghbhail do dhearnadh.

1 Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha,

2 Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum ne heaglaisi atá ad thigh:

3 Grása maille ribh, agus síothcháin, ó Dhía ar Nathair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.

4 Beirim buidheachus rém Dhía, ag sior chuimhneadh ortsa um urnuighibh,

5 (Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;)

6 Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd.

7 Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.

8 Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot.

9 Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.

10 Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:

11 An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa:

12 Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin:

13 Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:

14 Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.

15 As dóigh gur ab uime dimthigh sé ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruidhe;

16 Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?

17 Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gabh chugad é mar mé féin.

18 Agus má rinne sé dioghbháil air bith dhuit nó má dhligheann tú éinní dhe, bíodh sé um leithse;

19 Misi Pól do sgríobh so rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin díot.

20 A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.

21 Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.

22 Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.

23 Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,)

24 Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.

25 Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amen.

Caibidlí

1