1 Eóin 1 BEDELL

Caibidil I

Cumann dhuine ré Día, 6 ar na dhearbhadh le beatha shoillier ghlan.

1 An ní do bhí ann ó thús, an ní do chúalamar, an ní do chonncamar ré ar súilibh féin, an ní air ar fhéuchamar, agus do ghlacadar ar lámha, a dtáobh Bhréithre na beatha;

2 (Oír do foillsigheadh an bheatha, agus do chonncamairne, agus do nimid dfíadhnuise, agus foillsighemid díbhse an bheatha mharthannach úd, noch do bhí ag a Nathair, agus atá ar na foillsughadh dhúinne;)

3 A ní do chonncamar agus do chúalamar atámáoid dhá fhoillsiughadh dhibhse, ionnus go mbíadh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Nathair, agus ré na Mhac Iósa Críosd.

4 Agus sgríobhamáoid na neithese chuguibh, chum bhur ngáirdeachais do bheith iomlán.

5 Agus a sí so an teachdaireachd do chúalamar úadhsan, agus fhoillsigheamáoid dhíbhse, eadhon gur solas é Día, agus nach bhfuil dorchadus ar bith ann.

6 Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.

7 Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

8 Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn.

9 Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.

10 Dá nabram nach dearnamar peacadh, bréugnuidhmíd eisean, agus ní bhfuil a bhríathar ionnuinn.

Caibidlí

1 2 3 4 5