1 Eóin 5 BEDELL

Caibidil V

Gur cómhartha gradh Dé, gradh bheith ar chloinn Dé agus coimhead a aitheanta, noch atá sáidheanta tar an seinreachd.

1 Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.

2 As air so aithnigheamáoid go bhfuil grádh aguinn do chloinn De, an tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.

3 Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.

4 Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.

5 Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?

6 A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.

7 Oír atá tríur ar neamh do ní fíadhnuise, an Tathair, an Bríathar, agus an Sbiorad Náomh: agus atáid an tríursa na náon.

8 Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní.

9 Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.

10 An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.

11 Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.

12 An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.

13 Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.

14 Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:

15 Agus má atá a fhios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gach ní dá sirmíd, atá a fhios aguinn go bhfuilid na híarratais do íarramar air ar fagháil aguinn.

16 Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.

17 As peacadh gach uile eugcóir: gidheadh atá peacadh ann nach bhfuil chum báis.

18 Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.

19 Atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía atámuid, agus go bhfuil an sáoghal uile na luidhe sa nolc.

20 Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.

21 A chlann bheag, coimhéuduigh sibh féin air iodhaluibh. Amén.

Caibidlí

1 2 3 4 5