1 Eóin 2 BEDELL

Caibidil II

An uile pheacadh tre laige, atáid liaighiste re tuillteanas Chríosd.

1 A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.

2 Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.

3 Agus is as so is deimhin linn aithne do bheith aguinn air, dá gcoimhéudam a aitheanta.

4 An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.

5 Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan.

6 An tí a deir go bhfuil sé na chomhnuighe annsan atá dfíachuibh air síubhal, réir mar do shiubhaíl seision.

7 A dhearbhráithre, ní háithne núadh sgríobhum chuguibh, achd an tseanáithne do bhí aguibh ó thosuigh.

8 A rís, sgríobhuim áithne núadh chuguibh, noch atá fírinneach annsan agus ionnuibhse: óir atá an dorchadas ag imtheachd thoruinn, agus atá an solas fírinneach a nois ag soillsiughadh.

9 An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

10 An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.

11 Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile.

12 Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuilid bhur bpeacuidh ar na maitheamh dhíbh ar son a anmasan.

13 Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair.

14 Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid.

15 Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.

16 Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.

17 Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.

18 A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an tainticríosd, atáid a nois cheana morán daintícríosduibh ar néirghe ann; ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair.

19 Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile.

20 Gidheadh atá ungadh aguibhse ón Neach Náomhtha, agus atá eólus aguibh ar na huile neithibh.

21 Ní huime sgríobh mé chuguibh do bhrígh go raibh sibhse ainbhfiosach sa bhfirinne, achd ar a nadhbhar go bhfuil a eólus aguibh, agus nach bhfuil bréug ar bith ón bhfírinne.

22 Cía atá na bhréugaire achd an tí shéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? A sé so an tainticríosd, noch shéunus an Tathair agus an Mac.

23 Gidh bé shéunas an Mac, ní bhfuil an Tathair aige: gidh bé admhuigheas an Mac atá an Tathair aige mar an gcéudna.

24 Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.

25 Agus a sé so an gealladh do gheall sé dhúinn, eadhon an bheatha mharthannach.

26 Do sgríobh me na neithese chuguibh a dtimchioll na druinge bhíos da bhur mealladh.

27 Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.

28 Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan; ionnas, an tan fhoillseóchar é, go mbiádh dánachd aguinn, agus nach mbiáidh náire oruinn na fhiadhnuise an tan thiucfas sé.

29 Más feasach sibh eision do bheith fíréunta, bíodh fios aguibh gur úadhasan gheintear gach áon leanas don fhiréuntachd.

Caibidlí

1 2 3 4 5