16 Agus nuair a bhí sé ag siúl ar imeall Mhuir Ghalailí, chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin ag cur lín isteach san fharraige, mar ba iascairí iad.
17 Agus dúirt Íosa leo, “Leanaigí mise go ndéana mé iascairí díbh a cheapfas fir.”
18 Agus d'fhág siad a líonta láithreach agus lean siad é.
19 Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta.
20 Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus d'fhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é.
21 Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc.
22 Agus b'iontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe.