1 Agus thosaigh sé ar theagasc le cois na farraige. Agus chruinnigh slua an-mhór ina thimpeall, ionas go ndeachaigh sé isteach i mbád, agus bhí sé ina shuí mar sin ar an bhfarraige; agus an slua uile ar an talamh i mbéal na toinne.
2 Agus thug sé mórán teagaisc dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé an chaint seo ina theagasc:
3 “Éistigí! Chuaigh síoladóir amach a chur an tsíl.
4 Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de amach roimhe ar an gcosán, agus chuaigh an éanlaith á ithe.
5 Thit tuilleadh ar thalamh creagach, an áit nach raibh mórán cré faoi, agus thosaigh sé ar ghobadh aníos, ó nach raibh aon doimhneacht cré faoi;
6 agus nuair a chuaigh an ghrian in airde sa spéir dódh é, agus nuair nach raibh aon fhréamh aige, d'fheoigh sé agus cailleadh é.
7 Thit síol eile i measc na ndriseog agus d'fhás na driseoga aníos go dtí gur thacht siad é, agus ní raibh toradh air.
8 Agus thit síol eile ar thalamh maith agus thug sé barr, ag fás agus ag faibhriú agus ag tabhairt uaidh faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.
9 Agus ar seisean, “An té a bhfuil cluas air le héisteacht, tugadh sé cluas.”
10 Agus nuair a bhí sé ina aonar, d'fhiafraigh an dream a bhí leis agus an dáréag de i dtaobh na bhfáithscéalta.
11 Agus dúirt sé leo, “Is libhse a scaoileadh rún ríocht Dé, ach don dream a fágadh taobh amuigh di bíonn na nithe seo ina bhfáithscéalta;
12 ar nós go bhfeicfidh siad gan a thabhairt faoi deara, agus go gcluinfidh siad gan a thuiscint; le heagla go n‑athróidís a mbéasa agus go maithfí dóibh.”
13 Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh an fáithscéal seo? Conas mar sin a thuigfidh sibh na fáithscéalta uile?
14 Bíonn an síoladóir ag síoladh an bhriathair.
15 Agus is iad an méid a thiteas ar an gcosán, a síoltar an briathar air; nuair a chluineas siad, tagann Sátan ar an toirt agus tógann sé uathu an briathar a shíoltar iontu.
16 Mar an gcéanna don mhéid a shíoltar ar thalamh creagach, a ghlacas gan mhoill leis an mbriathar agus lúcháir orthu roimhe nuair a chluineas siad é;
17 agus ní bhíonn fréamh acu iontu féin, agus ní fhanann siad ach seal, agus nuair a thagas trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, tréigeann siad é ar an toirt.
18 Agus tá tuilleadh ann a chuirtear i measc na ndriseog; is iad a éisteas leis an mbriathar,
19 ach go dtagann cúram an tsaoil, agus áilíos an tsaibhris, agus mianta faoi nithe eile isteach iontu go dtachtann siad an briathar, agus ní thugann sé toradh.
20 Ach an méid a chuirtear sa talamh maith, is iad a chluineas an briathar agus a ghlacas chucu é, agus a thugas toradh, faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”
21 Agus dúirt sé leo, “An dtugtar lampa isteach lena chur faoi bhéal soithigh, nó faoin leaba, agus gan a chur in airde?
22 Mar ní chuirtear aon ní i bhfolach, gan a nochtadh; ná níl aon ní ina rún, nach dtugtar chun solais.
23 Má tá cluas le héisteacht ag aon duine, éisteadh sé.”
24 Agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire don rud a chluineas sibh; tomhasfar chugaibh mar a thomhasas sibh uaibh go raibh sé ag cur thar maoil.
25 Óir cuirfear tuilleadh leis an té ag a bhfuil cheana, agus an té nach bhfuil aige cheana, bainfear de an méid atá aige.”
26 Agus dúirt sé, “Tá ríocht Dé mar dhuine a scaipfeadh síol ar an talamh,
27 agus a rachadh a luí agus a d'éireodh d'oíche agus de lá, agus an síol ag fás aníos agus ag faibhriú ar dhóigh nárbh fheasach dó.
28 Óir is uaidh féin a thugas an talamh a thoradh, an geamhar ar dtús, an dias ina dhiaidh sin, go dtagann iomlán na cruithneachta i gcraobh.
29 Ach nuair a bhíos an t‑arbhar aibí, cuireann sé an corrán ann láithreach, ós rud é go bhfuil aimsir an fhómhair ann.”
30 Agus dúirt sé, “Cad é sin a chuirimid i gcosúlacht le ríocht Dé, nó cad é an fáithscéal is fearr dúinn lena léiriú?
31 Is cosúil í le síol mustaird, an síol is lú de shíolta an talaimh nuair a chuirtear i dtalamh é;
32 ach ní luaithe a chuirtear an síol sin ná fásann sé aníos ina thom, an tom is mó de na tomóga agus cuireann sé amach craobhacha móra uaidh, go dtí go bhféadann éin an aeir a neadacha a dhéanamh faoina scáth.”
33 Agus is i mórán fáithscéalta den sórt sin a labhraíodh sé an briathar leo, de réir mar a d'fhéadaidís éisteacht leis;
34 ní labhraíodh sé leo gan fáithscéal, agus é ag míniú gach ní os íseal dá dheisceabail féin.
35 Nuair a tháinig tráthnóna an lae úd, dúirt sé leo, “Téimis anonn.”
36 Agus d'fhág siad an slua ina ndiaidh agus thug siad leo é, díreach mar a bhí sé, sa bhád. Agus bhí báid eile ina chuideachta.
37 Agus d'éirigh gála mór gaoithe, agus bhí na tonnta ag stealladh isteach sa bhád, go raibh sé ag líonadh cheana féin.
38 Ach bhí seisean i ndeireadh an bháid ina chodladh ar an adhairt; agus dhúisigh siad é agus dúirt siad leis, “A Oide, an beag leat ár mbascadh?”
39 Agus dhúisigh sé agus bhagair sé ar an ngaoth, agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Fan socair suaimhneach!” Agus stad an ghaoth agus bhí ciúnas mór ann.
40 Dúirt sé leo. “Cad í an eagla seo oraibh? Nach bhfuil creideamh agaibh?”
41 Agus bhí siad lán de dhianeagla, agus iad á rá lena chéile, “Cé hé seo, a ngéilleann gaoth agus farraige dó?”