22 Agus b'iontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe.
23 Agus go díreach bhí ina sionagógsan fear a raibh sprid neamhghlan ann;
24 agus ghlaoigh sí os ard, “Cad chuige a bhfuil tú domsa, a Íosa Nasara? An lenár scriosadh a tháinig tú? Tá a fhios agam cé tú féin, Naomh-neach Dé.”
25 Ach bhagair Íosa uirthi, á rá, “Bí i do thost, agus tar amach as!”
26 Agus réab an sprid neamhghlan é, agus d'éigh sí os ard, agus tháinig sí amach as.
27 Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.”
28 Agus gan mhoill leath a chlú ar fud chríoch Ghalailí mórthimpeall.