3 glór an té atá ag fógairt san fhásach:Réitígí slí an Tiarna,déanaigí a chosán díreach—”
4 Thug Eoin Baiste é féin le taispeáint san fhásach, agus é ag seanmóireacht bhaiste an aithreachais le maithiúnas na bpeacaí a fháil.
5 Agus chuaigh a raibh i dtír Iúdaea agus muintir uile Iarúsailéim amach chuige; agus rinne sé a mbaisteadh in abhainn an Iornáin, agus iad ag admháil a bpeacaí.
6 Agus ba é an t‑éadach a bhíodh ar Eoin rón camaill, agus crios leathair faoina chom, agus ba lócaistí agus mil na mbeach fiáin ba bhia dó.
7 Agus d'fhógair sé an chaint seo, “Tá duine le teacht i mo dhiaidhse níos cumhachtaí ná mise, duine nach fiú mé cromadh síos le hiallacha a bhróg a scaoileadh.
8 Tá mise tar éis bhur mbaisteadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
9 Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é.