34 Agus leigheas sé a lán a raibh gach cineál tinnis orthu, agus dhíbir sé mórán deamhan; agus níor lig sé do na deamhain labhairt, de bhrí go raibh aithne acu air.
35 Agus d'éirigh sé ar maidin, i bhfad roimh bhánú an lae, agus d'imigh sé ag guí ar an uaigneas.
36 Agus d'éirigh Siomón agus an dream a bhí leis dá chuardach,
37 go dtí go bhfuair siad é go ndúirt siad leis, “Tá gach uile dhuine do d'iarraidh.”
38 Agus dúirt seisean leo, “Téimis ar aghaidh go dtí na bailte atá romhainn, go ndéana mé seanmóireacht ansin freisin; óir is leis sin a tháinig mé amach.”
39 Agus chuaigh sé mórthimpeall na Galailí, ag seanmóireacht ina sionagóga agus ag díbirt deamhan as daoine.
40 Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh d'impí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.”