38 Agus dúirt seisean leo, “Téimis ar aghaidh go dtí na bailte atá romhainn, go ndéana mé seanmóireacht ansin freisin; óir is leis sin a tháinig mé amach.”
39 Agus chuaigh sé mórthimpeall na Galailí, ag seanmóireacht ina sionagóga agus ag díbirt deamhan as daoine.
40 Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh d'impí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.”
41 Agus ghlac Íosa trua dó, agus shín sé amach a lámh gur chuir sé air í, agus dúirt sé, “Is maith liom é; bí glan.”
42 Agus d'fhág an lobhra é ar an toirt, agus bhí sé glan.
43 Agus thug sé ordaithe dó go dian docht, agus scaoil sé uaidh é ar an bpointe,
44 agus dúirt sé leis; “Seachain gan focal a rá faoi le haon duine beo; ach imigh romhat do do thaispeáint don sagart, agus tabhair an méid atá ordaithe ag Maois ar son do ghlanta, lena dhearbhadh do na daoine.”