40 Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh d'impí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.”
41 Agus ghlac Íosa trua dó, agus shín sé amach a lámh gur chuir sé air í, agus dúirt sé, “Is maith liom é; bí glan.”
42 Agus d'fhág an lobhra é ar an toirt, agus bhí sé glan.
43 Agus thug sé ordaithe dó go dian docht, agus scaoil sé uaidh é ar an bpointe,
44 agus dúirt sé leis; “Seachain gan focal a rá faoi le haon duine beo; ach imigh romhat do do thaispeáint don sagart, agus tabhair an méid atá ordaithe ag Maois ar son do ghlanta, lena dhearbhadh do na daoine.”
45 Ach ní luaithe a bhí sé imithe ná thosaigh sé ar scaoileadh a bhéil agus ag scaipeadh an scéil, sa dóigh nár fhéad Íosa siúl isteach go follasach in aon bhaile, ach é ag fanacht amuigh ar an tuath; agus daoine ag tarraingt air as na ceithre aird.