8 Tá mise tar éis bhur mbaisteadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
9 Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é.
10 Agus chonaic sé, agus é ag teacht aníos as an uisce, na spéartha ar oscailt agus an Spiorad ag tuirlingt air i riocht coilm;
11 agus tháinig an glór as spéartha neimhe, “Is tú mo Mhac ionúin, is ionat atá mo mhór-aoibhneas.”
12 Thiomáin an Spiorad amach san fhásach é láithreach.
13 Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air.
14 Ansin nuair a gabhadh Eoin, tháinig Íosa go Galailí ag fógairt shoiscéal Dé,