25 Agus nuair a sheasann sibh ag déanamh urnaí, maithigí cibé rud atá agaibh in aghaidh duine ar bith; ionas go maithfidh bhur nAthair atá ar neamh bhur gcionta freisin.”
27 Agus d'fhilleadar athuair go hlarúsailéim agus tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe agus na seanóirí chuige, agus é ag siúl sa teampall,
28 go ndúirt leis, “Cad é an t‑údar atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug údarás duit lena ndéanamh?”
29 Dúirt Íosa leo, “Cuirfidh mise ceist oraibh; agus tugaigí freagra orm, agus inseoidh mé daoibh ansin cad é an t‑údar atá agam go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh.
30 Cé acu ó fhlaitheas Dé nó ón gcine daonna ab ea é baiste Eoin? Tugaigí freagra orm.”
31 Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid gur ó fhlaitheas Dé é, fiafróidh sé dínn, ‘Cad chuige nár chreid sibh ann mar sin?’
32 Ach an féidir linn a rá, ‘Ón gcine daonna’?”—bhí eagla orthu roimh na daoine, mar bhíodar uile ag dearbhú gurbh fháidh fírinneach é Eoin.