17 Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig sé féin agus an dáréag.
18 Agus nuair a bhí siad ina suí chun boird, arsa Íosa leo, “Is fíor, a deirim libh, go ndéanfaidh duine agaibh, atá ag ithe i mo chuideachta, feall a imirt orm.”
19 Agus tháinig brón orthu, agus b'shiúd iad a rá leis duine i ndiaidh an duine eile, “An mise é?”
20 Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom.
21 Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! B'fhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”
22 Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus d'altaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.”
23 Agus ghlac sé cupán, agus d'altaigh sé agus thug dóibh é, agus d'ól siad uile go léir as.