2 mar dúirt siad, “Ní dhéanfaidh sé cúis in am na féile, ar eagla go dtógfadh na daoine gleo.”
3 Agus nuair a bhí sé i mBétáin i dteach Shíomóin an Lobhar, agus é ina shuí ag bord bia ann, tháinig an bhean chuige agus soitheach alabastair aici den nard ba ghlaine, agus bhris sí an soitheach gur dhoirt an uinnimint ar a cheann.
4 Ach bhí daoine ann a bhí ag rá ina n-intinn féin, agus fearg orthu, “Cad chuige ar cuireadh amú an uinnimint seo?
5 Mar d'fhéadfaí an uinnimint seo a dhíol ar chorradh agus trí chéad déanar, agus a bhronnadh ar na boicht.” Agus thug siad achasán di.
6 Ach is é a duirt Íosa, “Ligigí léi é; cad chuige a mbíonn sibh á crá? Is álainn an ní atá déanta aici dom.
7 Mar bíonn na boicht libh i gcónaí, agus tig libh a maith a dhéanamh nuair a thoilíonn sibh, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.
8 Tá an méid ab fhéidir léi a dhéanamh déanta aici; is é rud, is amhlaidh atá sí tar éis mé a ungadh roimh ré le haghaidh m'adhlactha.