20 Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom.
21 Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! B'fhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”
22 Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus d'altaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.”
23 Agus ghlac sé cupán, agus d'altaigh sé agus thug dóibh é, agus d'ól siad uile go léir as.
24 Agus ar seisean leo, “Is í seo m'fhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua.
25 Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.”
26 Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin d'imigh siad go Cnoc na nOlóg.