21 Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! B'fhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”
22 Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus d'altaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.”
23 Agus ghlac sé cupán, agus d'altaigh sé agus thug dóibh é, agus d'ól siad uile go léir as.
24 Agus ar seisean leo, “Is í seo m'fhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua.
25 Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.”
26 Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin d'imigh siad go Cnoc na nOlóg.
27 Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’