26 Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin d'imigh siad go Cnoc na nOlóg.
27 Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’
28 Ach nuair a éireos mé, imeoidh mé romhaibh go Galailí.”
29 Arsa Peadar leis, “Má thréigeann siad uile thú, ní dhéanfaidh mise amhlaidh.”
30 Agus dúirt Íosa leis, “Deirim go fírinneach leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.”
31 Ach dúirt seisean go deimhin agus go dearfa, “Má bhíonn orm bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus ní raibh duine acu nach ndúirt an rud céanna.
32 Agus d'imigh siad go háit a dtugtaí Getsemaní air; agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, a fhad agus a bhím ag guí.”