36 Is é a dúirt sé, “Abba, a Athair, níl ní nach indéanta duit; tóg an cupán seo uaim; ach ní mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa é.”
37 Agus tháinig sé agus fuair ina suan iad, agus dúirt sé le Peadar, “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire amháin a dhéanamh?
38 Déan faire agus guí nach ligfeá thú féin i gcathú; dá fheabhas é toil na spride, is lag cloíte an cholainn.”
39 Agus d'imigh sé leis a ghuí arís, agus é ag rá na bhfocal céanna.
40 Agus tháinig sé arís agus fuair ina suan iad, mar bhí a súile marbh leis an gcodladh; agus gan fhios acu cé an freagra a thabharfaidís dó.
41 Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc.
42 Éirígí, bímis ag imeacht; seo chugainn fear mo bhraite.”