39 Agus d'imigh sé leis a ghuí arís, agus é ag rá na bhfocal céanna.
40 Agus tháinig sé arís agus fuair ina suan iad, mar bhí a súile marbh leis an gcodladh; agus gan fhios acu cé an freagra a thabharfaidís dó.
41 Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc.
42 Éirígí, bímis ag imeacht; seo chugainn fear mo bhraite.”
43 Agus go díreach san am a ndúirt sé an chaint sin, tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua faoi chlaimhte agus bhataí leis, a cuireadh ó na hardsagairt agus ó na scríobhaithe agus ó na seanóirí.
44 Anois bhí an comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, á rá, “Is é an fear é an té a dtabharfaidh mé póg dó; beirigí air agus tugaigí ar shiúl é go slán sábháilte.”
45 Agus nuair a tháinig sé, ní dhearna sé moill ag druidim leis, agus é á rá, “A Mháistir!” Agus thug sé an phóg dó.