47 Ach tharraing aon duine amháin dá raibh i láthair an claíomh agus bhuail béim ar mhogha an ardsagairt gur ghearr leathchluas de.
48 Agus ba é a dúirt Íosa leo, “An bithiúnach mé, go dtagann sibh amach i m'éadan le claimhte agus le bataí le mo ghabháil?
49 Bhí mé agaibh ó lá go chéile agus mé ag teagasc sa teampall, agus ní dhearna sibh mo ghabháil. Ach bíodh amhlaidh go gcomhlíontar an Scrioptúr.”
50 Agus thréigeadar uile é agus theitheadar leo.
51 Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é,
52 ach d'fhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht.
53 Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe.