51 Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é,
52 ach d'fhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht.
53 Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe.
54 Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus d'fhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine.
55 Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fianaise a chruinniú i n‑éadan Íosa lena chur chun báis; agus gan í le fáil acu.
56 Mar b'iomaí sin duine a thug fianaise bhréige ina éadan, agus gan a bhfianaise ag teacht le chéile.
57 Agus d'éirigh cuid acu ag tabhairt fianaise bhréige ina éadan, á rá,