58 “Chualamar é á rá, ‘Scriosfaidh mise an teampall seo a tógadh le lámha, agus i spás trí lá tógfaidh mé teampall eile, nach dtógfar le lámha.’”
59 Ach mar sin féin níor tháinig a bhfianaise le chéile.
60 Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus d'fhiafraigh sé d'Íosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i d'éadan?”
61 Ach d'fhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a d'fhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?”
62 Agus dúirt Íosa, “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”
63 Agus réab an t‑ardsagart a fhallaing, agus dúirt sé, “Cad í an fheidhm atá orainn le tuilleadh fianaise?
64 Chuala sibh an diamhasla sin aige. Cad é bhur mbreith?” Agus thugadar uile go léir a mbreith air, go raibh an bás tuillte aige.