60 Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus d'fhiafraigh sé d'Íosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i d'éadan?”
61 Ach d'fhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a d'fhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?”
62 Agus dúirt Íosa, “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”
63 Agus réab an t‑ardsagart a fhallaing, agus dúirt sé, “Cad í an fheidhm atá orainn le tuilleadh fianaise?
64 Chuala sibh an diamhasla sin aige. Cad é bhur mbreith?” Agus thugadar uile go léir a mbreith air, go raibh an bás tuillte aige.
65 Agus thosaigh cuid acu ar chaitheamh seile air, agus chuir siad dallóg air, agus chuaigh á bhualadh, agus á rá leis, “Déan fáidheadóireacht!” Agus bhuail na gardaí é nuair a ghlac siad leis.
66 Nuair a bhí Peadar thíos in urlann an tí, tháinig bean de chailíní an ardsagairt;